Departmentof Education & Skills print friedly logo

06 Nollaig, 2016 - Cuireann an tAire Bruton fáilte roimh fhoilsiú an mhórstaidéir idirnáisiúnta maidir le cumais scoláirí Éireannacha sa léitheoireacht, matamaitic agus san eolaíocht.

PISA 2015, Lainseáil mórstaidéar idirnáisiúnta san Eolaíocht, Léitheoireacht agus Matamaitic.  

Sa Phlean Gníomhaíochta um Oideachas tá gníomhaíochtaí uaillmhianacha ann le tuilleadh feabhsuithe a dhéanamh ar chúrsaí léitheoireachta, matamaitice agus eolaíochta.

Chuir an tAire Oideachais agus Scileanna, Richard Bruton T.D., fáilte inniu (Dé Máirt 6ú Nollaig) roimh na torthaí PISA (Clár um Measúnú Idirnáisiúnta ar Scoláirí) is déanaí de chuid an ECFE a léiríonn in 2015, go bhfuil scoláirí Éireannacha atá 15 bliana d’aois i measc na scoláirí is fearr i dtíortha an ECFE sa léitheoireacht agus go bhfuil siad ag feidhmiú níos airde go suntasach ná meán an ECFE sa mhatamaitic agus san eolaíocht.

Reáchtáiltear PISA gach trí bliana agus is é an aidhm atá aige ná tomhas a dhéanamh ar cé chomh maith agus atá scoláirí, ag 15 bliana d’aois, ag feidhmiú sa léitheoireacht, matamaitic agus san eolaíocht.   

Tá a caighdeán an-ard coinnithe ag Éirinn sa léitheoireacht agus tá beagán feabhas tagtha ar an gcaoi ina bhfeidhmíonn na scoláirí sa mhatamaitic i gcomparáid le timthriallta PISA eile. 

San eolaíocht, tá suíomh na hÉireann coinnithe mar atá agus tá sí ag feidhmiú níos airde ná an meán ECFE, cé go bhfuil laghdú an-bheag sa scór i gcomparáid le 2006, an bhliain deiridh an rinneadh scrúdú ar an eolaíocht mar an mór-réimse in PISA. Ach, i bhfeidhmíocht na hÉireann in 2015 bhí laghdú níos suntasaí san eolaíocht i gcomparáid leis an scór a taifeadadh do 2012.

San áireamh i bpríomhthorthaí na tuarascála tá na nithe seo a leanas:

  • Sa léitheoireacht, bhí scoláirí Éireannacha sa 3ú háit as 35 tír ECFE, sa 2ú háit i measc thíortha an AE, agus sa 5ú háit as na tíortha uile a ghlac páirt in PISA 2015
  • San eolaíocht, bhí scoláirí Éireannacha sa 13ú háit as 35 tír ECFE, sa 6ú háit i measc thíortha an AE agus sa 19ú háit as na tíortha uile a ghlac páirt in PISA 2015
  • Sa mhatamaitic, bhí scoláirí Éireannacha sa 13ú háit as 35 tír ECFE, sa 9ú háit i meas thíortha an AE agus sa 18ú háit as na tíortha uile a ghlac páirt in PISA 2015
  • Léirigh na trí réimse tástála uile (léitheoireacht, matamaitic agus eolaíocht) roinnt difríochtaí inscne sna torthaí, agus d’fheidhmigh cailíní níos fearr na buachaillí sa léitheoireacht agus d’fheidhmigh buachaillí níos fearr na cailíní sa mhatamaitic agus san eolaíocht. 

In 2015, bhog PISA ón bhformáid tástála ar páipéar go dtí an fhormáid tástála ríomhchuidithe (TRC) in Éirinn. Leis an bhformáid nua TRC tugadh isteach freisin an measúnú ar an gcumas le fiosrú eolaíochta atá níos casta a dhéanamh. Níor fheidhmigh scoláirí Éireannacha chomh maith sna míreanna eolaíochta nua sin a forbraíodh go háirithe don tástáil ríomhchuidithe in 2015. Chomh maith leis sin, baineann scoláirí Éireannacha níos lú úsáide as an TFC sa scoil agus don obair bhaile; torthaí atá suntasach i gcomparáid le scoláirí sna tíortha eile de chuid an ECFE. 

Dúirt an tAire Oideachais agus Scileanna, Richard Bruton T.D.:

“Is é aidhm bhunúsach an Rialtais seo ná an dul chun cinn geilleagrach atá déanta againn a chothú agus úsáid a bhaint as chun sochaí chóir agus thuisceanach a fhorbairt. Is é seo an fáth ar fhoilsíomar Plean Gníomhaíochta um Oideachas agus ar thosaíomar á chur i bhfeidhm, atá mar aidhm aige go mbeidh an tseirbhís oideachais is fearr san Eoraip in Éirinn.”

“Cuireann PISA, i measc staidéar idirnáisiúnta eile ar nós TIMSS, tagarmharc tábhachtach ar fáil i gcoinne an chaoi inar féidir linn rath bhunscileanna na scoláirí Éireannacha a thomhas. Is cúis áthais dom a fheiceáil gur fheidhmigh scoláirí Éireannacha atá 15 bliana d’aois ar chaighdeán an-ard sa léitheoireacht, a léiríonn na hiarrachtaí atá déanta againn leis an Straitéis Náisiúnta um Litearthacht agus Uimhearthacht don Fhoghlaim agus don Saol (2011-2020).”

“Cé gur ábhar misnigh é go bhfuil scoláirí Éireannacha ag feidhmiú os cionn mheán an ECFE sa mhatamaitic agus san eolaíocht, ní mór dúinn feabhsuithe a dhéanamh go fóill.”

“Sa Phlean Gníomhaíochta don Oideachas, a bhfuil mar phríomhaidhm aige go mbeidh an tseirbhís oideachais agus oiliúna is fearr san Eoraip in Éirinn laistigh de dheich mbliana, leagtar amach sraith gníomhaíochtaí uaillmhianacha le tuilleadh feabhais a chur ar ár bhfeidhmíocht sa mhatamaitic agus san eolaíocht go háirithe, lena n-áirítear an códú agus an ríomheolaíocht ar fud an churaclaim scoile, curaclam eolaíochta nua ag an sraith shóisearach ó mhí Mheán Fómhair na bliana seo, Ráiteas Polasaí Náisiúnta cuimsitheach ar STEM i scoileanna agus bearta nua uaillmhianacha le scileanna suas chun dáta a thabhairt do mhúinteoirí eolaíochta agus matamaitice. Toisc mhór a bheidh ann freisin leis na hathruithe seo a chur i bhfeidhm ná An Straitéis Dhigiteach do Scoileanna agus infheistíocht de €210m thar a saolré.”

“Caithfimid freisin na bearnaí san fheidhmíocht inscne a laghdú i ngach réimse, agus feabhas a chur ar fheidhmíocht ár scoláirí a n-éiríonn thar cion leo freisin agus tabhairt faoin ardoird smaointeoireachta. Is cúis misnigh dom an dea-dhul chun cinn atá déanta ag na scoláirí is lú a n-éiríonn leo ó thaobh feabhas a chur ar a bhfeidhmíocht.”  

Mhol an tAire údair na tuarascála agus ghlac sé buíochas leis na scoláirí a ghlac páirt sa staidéar agus leo siúd uile a chomhlánaigh na ceistiúcháin mar chuid de thuarascáil PISA.

Dúirt an Dr Gerry Shiel, duine d’údair na tuarascála“Tá athrú tagtha sa phatrún de dhifríochtaí inscne in PISA. Cé go bhfuil cailíní ag feidhmiú níos fearr ná buachaillí sa litearthacht léitheoireachta, cé go bhfuil sé níos lú ná mar a bhí sé i dtimthriallta PISA roimhe seo, tá na difríochtaí i bhfabhar na mbuachaillí sa mhatamaitic agus san eolaíocht ag éirí níos leithne. Cúis amháin a bhféadfadh a bheith leis seo ná an t-aistriú chuig an tástáil ríomhchuidithe, áit nach mbeadh roinnt cailíní chomh muiníneach sin nó nach mbeadh taithí acu roimhe seo, ach b’fhéidir go bhfuil baint aige leis na cineálacha smaointeoireachta atá á spreagadh sna míreanna nua de chuid PISA, lena n-áirítear na turgnaimh fhíorúla a n-iarrtar ar na scoláirí tabhairt fúthu san eolaíocht.”

 

Nótaí:‎

  • Rinneadh tástálacha PISA a chur ar scála de mheán ECFE de 500 agus diall caighdeánach de 100 sa chéad timthriall in a raibh mórstádas ag réimse – 2000 don litearthacht léitheoireachta, 2003 don mhatamaitic, agus 2006 don eolaíocht. Ciallaíonn sé seo gur féidir an fheidhmíocht in 2015 a nascadh ar ais chuig na timthriallta seo agus na cinn ina ndiaidh sin.
  • Is é atá i gceist leis an gClár um Measúnú Idirnáisiúnta Daltaí (PISA) tionscadal de chuid na hEagraíochta um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (ECFE) a bhfuil mar aidhm aige tomhas a dhéanamh ar cé chomh maith agus atá scoláirí, ag 15 bliana d’aois, ullamh le tabhairt faoi na dúshláin a d’fhéadfadh a bheith i ndán dóibh amach anseo, an t-oideachas san áireamh. Reáchtáiltear PISA gach trí bliana agus déantar measúnú ar scoláirí sna trí réimse den léitheoireacht, matamaitic agus eolaíocht.
  • In 2015, rinneadh measúnuithe PISA a riar i 72 tír/geilleagar. As na tíortha seo, bhailigh 70 tír sonraí gnóthachtála a d’fhéadfaí a chur i gcomparáid le tíortha eile.
  • Tá PISA bunaithe ar shampla randamach de scoláirí atá 15 bliana d’aois i ngach ceann de na tíortha rannpháirteacha. Ghlac níos mó ná leathmhilliún scoláire páirt in PISA. In 2015, bhí 167 scoil in Éirinn a ghlac páirt ann, a thug freagairt ualaithe den leibhéal scoile de 99.3%. Tá sé seo níos mó na an 80% atá riachtanach. Tar éis díolúintí de scoláirí, scoláirí a dhiúltaigh agus scoláirí a bhí as láthair a chur san áireamh, chuir 5741 scoláire an measúnú i gcrích, a thug ráta freagartha scoláirí ualaithe agus neamhualaithe de 88.6%. Tá sé seo níos mó ná an 80.0% atá riachtanach.
  • In Éirinn, 60.5% de na scoláirí in PISA 2015 is ea scoláirí na Tríú Bliana, 26.7% de na scoláirí is ea scoláirí na hIdirbhliana, 10.9% de scoláirí is ea scoláirí na Cúigiú Bliana, agus 1.9% de na scoláirí is ea scoláirí na Dara Bliana.

 

1.2. Conas a dhéantar PISA a riar?

  • Cuireann grúpa de chúig institiúid PISA i bhfeidhm thar ceann an ECFE, agus bhí sé faoi stiúradh na Seirbhíse Tástála Oideachasúla, SAM, (the Educational Testing Service, USA) in 2015. Idir 2000 agus 2012, bhí an Cuibhreannas faoi stiúradh Chomhairle na hAstráile um Thaighde Oideachais (ACER). In 2015, rinneadh measúnuithe PISA a riar i 72 tír/geilleagar. As na tíortha seo, bhailigh 70 tír sonraí gnóthachtála a d’fhéadfaí a chur i gcomparáid le tíortha eile. Féach Aguisín 1. Is é a bhí i gceist le PISA 2015 triail réimsí agus príomhstaidéar.  Is é an Foras Taighde ar Oideachas (FTO) a rinne iad seo a bhainistiú thar ceann na Roinne Oideachais agus Scileanna (ROS). Is iad cigirí ón ROS, agus i gcuid bheag cásanna, ionadaithe den FTO, a riar na measúnuithe iad féin sna scoileanna.  
  • I ngach timthriall de PISA dírítear ar ‘mór-réimse’ amháin, sa litearthacht léitheoireachta, sa litearthacht mhatamaitice nó sa litearthacht eolaíochta, agus caitear an chuid is mó ama tástála leis seo. Sna ‘mionréimsí’ cuirtear cuntas gnóthachtála nach bhfuil chomh mionsonraithe sin ar fáil. An Eolaíocht ba ea an mór-réimse in PISA 2015[1], agus san áireamh sna mionréimsí bhí an litearthacht léitheoireachta agus an mhatamaitic.
  • In PISA bailítear eolas comhthéacsúil freisin trí cheistiúcháin a chomhlánaigh na scoláirí agus na príomhoidí, chomh maith le roinnt eolais ó fhoinsí náisiúnta (ar nós bunachar sonraí iarbhunscoile an ROS).

1.3 Conas a bhí na tástálacha in 2015 difriúil i gcomparáid le measúnuithe PISA a bhí ann roimhe seo?

Bhí tástáil 2015 í féin difriúil ar go leor bealaí i gcomparáid le timthriallta PISA a bhí ann roimhe seo:

  • In 2012, bhí an rogha ag tíortha páirt a ghlacadh i measúnuithe ríomhchuidithe sa léitheoireacht agus sa mhatamaitic chomh maith le páirt a ghlacadh sna measúnaithe traidisiúnta ar páipéar sa mhatamaitic, léitheoireacht agus eolaíocht. An eolaíocht ba ea an t-aon réimse nach raibh gné ríomhchuidithe aici. In 2015, bhog PISA ón measúnú ar páipéar go dtí an measúnú ríomhchuidithe sa chuid is mó de na tíortha rannpháirteacha, Éire san áireamh. Is é a bhí i gceist le seo ná gur chuir scoláirí Éireannacha a measúnuithe san eolaíocht i gcrích, ag baint úsáide as TFC, den chéad uair sa bhabhta seo.
  • Mar thoradh ar an mbogadh chuig tástálacha ríomhchuidithe tharla athrú freisin sa chineál ceisteanna a chuirtear don mhór-réimse, an eolaíocht.Laghdaíodh líon na míreanna treochta (ceisteanna de chineál céanna a cuireadh cheana) agus cuireadh ceisteanna nua, ceisteanna idirghníomhacha san áireamh. Mar thoradh air seo bhí na ceisteanna difriúil ó thaobh a n-ábhair agus a gcur i láthair i gcomparáid leo siúd a úsáideadh don mheasúnú in 2006, an uair deiridh a bhí an eolaíocht mar an mór-réimse, agus in 2012.
  • In PISA 2015 den chéad uair rinneadh measúnú ar chumas na scoláirí le fiosrú eolaíochta a dhéanamh trí iarraidh orthu turgnaimh (ionsamhlaithe) a dhearadh agus ciall a bhaint as an bhfianaise a d’eascair astu. Bhíothas in ann é seo a dhéanamh trí úsáid a bhaint as léirithe idirghníomhacha, inar oibríodh amach trí ghníomhaíochtaí na scoláirí cad a chonaic siad ar an scáileán. Bhí fiche a ceathair mír idirghníomhacha san áireamh sa phríomhstaidéar (nó timpeall 13%).
  • Bhí méadú i líon na gceisteanna a úsáideadh sa mheasúnú ar an eolaíocht i gcomparáid leis an uair deiridh nuair a bhí an eolaíocht mar an mór-réimse. In 2006 bhí 103 ceist a úsáideadh agus in PISA 2015 bhí 184 ceist a úsáideadh (agus bhí 85 cinn díobh mar an gcéanna leis na cinn in PISA 2006).
  • As an 184 mír a bhí san áireamh sa mheasúnú ar an eolaíocht in PISA 2015, is tascanna treochta iad 85 ceist, a úsáideadh i suirbhéanna de chuid PISA roimhe seo, (agus ar ghá a chur in oiriúint le cur ar fáil ar an ríomhaire) agus is tascanna eolaíochta nua iad 99 ceist.
  • D’oibrigh an ECFE in 2015 i gcomhar le foireann nua conraitheoirí a thug isteach modheolaíochtaí scálaithe nua, cur chuigí nua chun déileáil le míreanna nár sroicheadh, agus straitéisí nua chun déileáil le míreanna a léirigh idirghníomhaíochtaí suntasacha mír de réir tíre. Mar thoradh air seo, d’athraigh na modheolaíochtaí a úsáideadh le gnóthachtálacha scoláirí a ríomh sna tástálacha. In PISA 2015, caitheadh leis na míreanna nár sroicheadh (i.e. míreanna nár freagraíodh ag deireadh na leabhrán tástála) mar mhíreanna nár riaradh, ach i dtimthriallta PISA roimhe seo measadh gur freagraí míchearta a bhí iontu nuair a bhí oilteacht scoláirí á meas (mar gheall ar an mbealach nua seo ina gcaitear le míreanna nár sroicheadh d’fhéadfadh scóir níos airde a bheith ann ná mar a bheadh measta roimhe seo do thíortha ina raibh cuid mhór míreanna nár freagraíodh).

 

Tuilleadh eolais

Beidh an tuarascáil ar fáil saor in aisce le híoslódáil ó www.erc.ie.  Tá tuilleadh eolais faoi PISA ar fáil freisin ó www.erc.ie/pisa

Is iad seo a leanas údair agus teideal na tuarascála:

  • Gerry Shiel, Cathy Kelleher, Caroline McKeown, Sylvia Denner (2016).  Future Ready?  The  Performance of 15-year-olds in Ireland on Science, Reading Literacy and Mathematics in PISA 2015

Tá nóta eolais faoi PISA 2015 ón Roinn Oideachais agus Scileanna ar fáil anseo

Sonraí teagmhála




[1] Bhí an eolaíocht mar an mór-réimse measúnaithe in dhá thimthriall PISA, 2006 agus 2015. Ciallaíonn sé seo go bhfuil mioneolas ar fáil ar an bhfeidhmíocht sna blianta sin, feidhmíocht de réir fo-scála.